Luadh i bPlean Straitéiseach an Ospidéil don tréimhse 2005-2010 go raibh gá le Rannóg Oiliúna agus Forbartha san ospidéal. Tar éis Oifigeach Oiliúna agus Forbartha a cheapadh cuireadh i gcrích an chéad chéim i mbunú na Rannóige i mí Eanáir 2006. Tuigimid go bhfuil gá infheistiú san oideachas agus san oiliúint má táimid lenár gcuspóirí straitéiseacha a bhaint amach..
Seo a leanas aidhmeanna na Rannóige:
- Breis forbartha a dhéanamh ar an gcultúr foghlama san eagraíocht,
eagraíocht ina bhfuil muinín, díograis agus cumas na foirne ar chomhchéim leis an aitheantas a thugtar dóibh mar bhaill d’eagraíocht ag a bhfuil dúil san fhorbairt agus san oiliúint.
- Tacú le hoideachas agus le forbairt na foirne ag gach leibhéal den eagraíocht.
- Saoire Staidéir agus aisíocaíochtaí ar chúrsaí a fhaomhadh.
- Bunachar sonraí a bheith ann le sonraí maidir leis an oiliúint go léir atá curtha ar an bhfoireann.
Mar thoradh ar atheagrú na Seirbhísí Sláinte, beidh Ospidéal Uí Chonghaile, mar chuid de réigiún FSS Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh ó 2007, ag obair go díreach le FSS Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, Oifig an Bhainisteora Feidhmíochta & Forbartha, Ionad Oideachais Réigiúnach, Ollionad N. Bríd, Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú, maidir lenár riachtanais oiliúna go léir.
Sonraí Teagmhála:
Geraldine Balfe Uas., Oifigeach Oiliúna & Forbartha, Ospidéal Uí Chonghaile.
Guthán:: 6465109 Ríomhphost: Geraldine.Balfe@mailc.hse.ie |