Leabharlann Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir
Réamhrá
Ar Ais go barr
Bunaíodh Leabharlann Leighis Ospidéal Uí Chonghaile i 999 mar chuid den chomhthionscnamh idir Coláiste Ríoga na Máinlia agus Réigiúnach Leabharlainne agus Eolais de chuid Bhord Sláinte an Oirthir. Tá an Leabharlann Leighis ar na gcéad urlár den Ionad Acadúil agus ó cuireadh í ar bun tá seirbhís leabharlainne agus eolais den chéad scoth ar fáil d'fhoireann agus do mhic léinn. Chomh maith leis sin, tá Leabharlann Altranais san Ionad Acadúil a dhéantar a riaradh mar chuid den Ionad Oideachais Altranais.
I measc na bpríomhsheirbhísí leabharlainne atá ar fáil d'fhoireann an ospidéil tá:
Príomhsheirbhísí Leabharlainne
Ar Ais go barr
- Fáil ar bhunachair sonraí leictreonacha ina bhfuil téacsanna iomlána leighis lena n-áirítear Cinahl, Medline, Psychinfo agus Cochrane. Tá pasfhocal Athens ag teastáil chun logáil isteach i mbunachair sonraí na Leabharlainne. Chun an pasfhocal Athens a fháil ní mór duit Foirm Athens a chomhlánú.
- Seisiúin oiliúna i scileanna cuardaigh agus in úsáid na mbunachar ar líne. Chun seisiún a chur in áirithe comhlánaigh an Fhorim Oiliúna .
- Soláthar Cáipéisí. Ailt ar fháil ó leabharlanna eile. Chun ailt a ordú comhlánaigh an fhoirm seo a leanas le do thoil An Fhoirm d’Iasachtaí Idirleabharlainne .
- Seirbhís tagartha agus fiosrúcháin lánaimseartha chun do cheisteanna a fhreagairt. Chun litríocht a iarraidh comhlánaigh an Fhoirm Iarratais chun Litríocht a Chuardach .
- Seirbhísí Feasachta Reatha. Chun clár ábhair a iarraidh ó irisí comhlánaigh an Fhoirm Zetoc (clár ábhair leictreonach)
- Seirbhísí Iasachta Leabhar. Tá liostáil shonrach ar fáil i gcatalóg na leabharlainne de na míreanna uile atá i mbailiúchán na leabharlainne. Chun rochtain a fháil ar bhailiúchán na leabharlainne cliceáil ar Chatalóg na Leabharlainne
- Fáil ar ábhair thagartha lena n-áirítear irisí agus nuachtáin.
Bheith i do Bhall den Leabharlann
Ar Ais go barr
Beidh ort d’aitheantas a chruthú ionas gur féidir le ballraíocht a ghlacadh leis an leabharlann. Is féidir é seo a dhéanamh ach ceann díobh seo a leanas a bhreith leat:
- Cárta aitheantas fostaithe reatha
- Barr do Dhuillín Pá
- Litir ar stáiseanóireacht le ceannscríbhinn
Tabhair do d’aire nach mbeidh cead agat cur isteach ar phasfhocal Athens mura bhfuil tú cláraithe leis an leabharlann.
Sonraí Teagmhála
Ar Ais go barr
Má tá aon cheist agat maidir leis na seirbhísí leabharlainne a chuireann Leabharlann Leighis Ospidéal Uí Chonghaile ar fáil téigh i dteagmháil leis an bhfoireann seo a leanas:
Gethin White (Leabharlannaí) Guthán: 01 646 5621 Ríomhphost: connolly.medlibrary@mailc.hse.ie Patricia McAuley (Leabharlannaí Cúnta) Guthán: 01 646 5620 Ríomhphost: connolly.medlibrary@mailc.hse.ie
Uaireanta Oscailte na Leabharlainne
Ar Ais go barr
Seo a leanas uaireanta oscailte na leabharlainne:
Luan go hAoine: 9am-1pm & 2pm-5pm.
Tabhair do d’aire go bhfuil an seomra léitheoireachta leictreonaí, atá béal dorais leis an Leabharlann Leighis agus áit a bhfuil áiseanna PC agus priontála ar fáil, ar oscailte 8am-10pm Luan go hAoine. Níl cead ach ag foireann atá cláraithe le FSS agus le Coláiste Ríoga na Máinlia rochtain a fháil ar an seomra seo. |