Connolly Hospital Blanchardstown Logo
     
Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir
HSE Log
   
 
Scip. Nasc. | Naisc | Teagmháil | Mapa Suímh | Cabhair Inrochtaineachta   
   BaileFúinn
Gaeilge | English   

www This site

Powered by Google

Fúinn

Achoimre ar Stair Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir

Tá baint ag stair an ospidéil le cúrsaí mar atá siad sa lá atá inniu ann. Bunaíodh an t-ospidéal sa bhliain 1955 chun freagairt don mhéadú a bhí ag teacht ar an líon daoine le heitinn. Ag an am, ba iad aer úr agus solas na gréine an chóir leighis a chuirtí ar dhaoine le heitinn. Bhí Baile Bhlainséir ina shráidbhaile tuaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Ní fada ó tógadh Cabrach agus bhí Fionnghlas agus Caisleán Cnucha ina sráidbhailte beaga ar imeall oirthuaiscirt na cathrach.

Ag tús 1960í cruthaíodh antaibheathaigh mar chóir leighis ar eitinn agus dá bhrí sin ní raibh gá ag an ospidéal leanúint ag feidhmiú mar a bhí. Ag an staid sin, ámh, bhí forbairt uirbeach thar na bearta ag tarlú sa cheantar agus tugadh aitheantas don ospidéal mar Ospidéal Ginearálta sa bhliain 1973. Faoi thús na 1980í, toisc an méadú ar an daonra sa dhobharcheantar agus toisc brú a bheith ar ospidéil eile, rinneadh an t-ospidéal seo a nascadh le Seirbhís Taismí agus Éigeandálaí Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

Is beag an líon lianna comhairleacha a bhí ceaptha san ospidéal ag an uair. I measc na lianna comhairleacha a bhí ann, a raibh1 go 4 sheisiún acu leis an ospidéal, bhí a bpríomhdhualgais orthu sna hospidéil seo a leanas: Mater, Sráid Jervis agus Richmond. Bhí os cionn dhá thriain de na leapacha do ghéarchásanna leighis lonnaithe lasmuigh de phríomhbhloc an ospidéil. Bhí roinnt mhaith de na seirbhísí á gcur ar fáil i seomraí réamhdhéanta, a lonnaíodh ar an láthair go luath sna 1980í. De réir mar a mhéadaigh an t-éileamh ar an ospidéal bhí na foirgnimh agus na fo-áiseanna seo uireasach chun freastal ar riachtanais phobal an dhobharcheantair.

Sa bhliain 1995 tháinig an Roinn Sláinte agus Leanaí ar réiteach tabhairt faoi chlár athfhorbartha mór san ospidéal. In 2000 thosaíomar ar Chlár Forbartha Caipitil a chosain €96m. Mar thoradh ar an gclár seo tugadh faoi athchóiriú na bhfoirgneamh ar an suíomh, foirgnimh a bhí scoite amach óna chéile. Mar chuid den athchóiriú seo tógadh foirgnimh nua agus rinneadh athchóiriú ar roinnt de na seanfhoirgnimh.

Rinneadh coimisiúnú ar an bhforbairt nua i mí Dheireadh Fómhair 2004. Seo a leanas roinnt de na háiseanna nua a bhí mar chuid den athfhorbairt sin: Rannóg Éigeandálaí nua, Rannóg Cúraim Chorónaigh agus Croí, Síciatracht na nAosach, Sraith Obrádlann, Bloc Máinliachta agus Leighis, Aonad Dianchúraim, áiseanna don Mháinliacht lae agus Aonad Síciatrachta Ginearálta d’Aosaigh.

Tugadh Ospidéal Cuimhneacháin Shéamais Uí Chonghaile ar an ospidéal go dtí le fíordhéanaí, agus bhíodh sé faoi stiúir Bhord Sláinte an Oirthir agus Údarás Sláinte Réigiún an Oirthir mar a bhíodh (mar chuid de Bhord Sláinte an Limistéir Thuaidh). Ón 1 Eanáir 2005 amach, bhí Ospidéal Uí Chonghaile ag feidhmiú i Network 10 i dteannta na n-ospidéal seo a leanas Beaumont, Mater Misericordiae, Cappagh, Rotunda agus SráidTemple. Bhíodh an t-ospidéal i gcónaí riamh mar ionad tábhachtach don oiliúint a chuirtear ar ghairmithe leighis, altranais agus i gcúrsaí eile a bhaineann leis na réimsí sin agus feidhmíonn sé i ndlúthpáirt le Coláiste Ríoga na Máinlia (RCSI), Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), an Institiúid Teicneolaíochta, Coláiste na Tríonóide (TCD) agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD).

Sa lá atá inniu ann, tá déimeagrafaíocht an cheantair éagsúil ó mar a bhíodh sna 1950í. Tá an t-ospidéal anois i gcroílár ceantair uirbigh atá ag forbairt go gasta atá ag freastal ar os cionn 290,000 duine. Déanaimid ár ndícheall i gcónaí freagairt don síorathrú atá ag teacht ar riachtanais na n-othar agus na gcliant ó Iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath, ón Mhí agus ó Chill Dara.

Connolly Hospital Concourse

Connolly Hospital

Hospital Entrance
     
   
Aiseolas Deimhneach / Gearáin | Séanadh | Polasaí Príobháideachta